An Leon, An Bandraoi agus An Prios Éadaigh

An Leon an Bandraoi agus an Prios Eadai 200pTá cóipeanna de An Leon, An Bandraoi agus Prios Éadaigh le C.S. Lewis ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois! Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis.Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an chathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige acu, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.Ba é seo an chéad leabhar a scríobh Lewis sa tsraith mar gheall ar Nairnia, an domhan sin lán draíochta.Tá costas €8.50 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Dialann Dúradáín

diary of a wimpy kidTá Gaeilge ag Greg!!! Zú Wí Mama!! D’aistrigh le Máirín Ni Mhárta, tá cóipeanna de Dialann Dúradáin le Jeff Kinney ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois!Níl sé éasca bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Heffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scarúla agus níos fiáine ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú!Ceapann Mama gur cheart do Ghreg dialann a choinneáil agus curs síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi. Mar a deir sé féin: 'Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid "mothúchán" anseo.'Tá costas €9.95 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin! 

Scéalaíocht do Pháistí

Postaer-1-revdBeidh scéalaíocht do pháistí i Charlie Byrne's Gaillimh ar an Satharn, 12ú Márta ag 11rn! Bígí ann - saor in aisce! Beidh muid ag leamh Cúraille, Mise agus an Dragún, Uinseann Donn agus a lán rudaí eile!This Saturday's Story Time will be a very special Irish language story time lead by TG4 presenter Caitlín Nic Aoidh. Join us for some fantastic Irish language stories and snacks, don't worry if you're Irish isn't the best, there'll be a story for all levels!Irish language Story Time will take place at 11am on Saturday the 12th of March. For more information about this event, simply contact us.

An Prionsa Beag le Antoine De Saint-Exupéry

20160211_161205D’aistrigh le Eoghan Mac Giolla Bhríde, tá cóipeanna de An Prionsa Beag le Antioine De Saint-Exupéry ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois!Bíonn ar phíolóta a theacht anuas i lár ghaineamhlach an tSahára nuair a bhriseann an t-inneall ina eitleán... agus as sin a thig ceann de na scéalta is iontaí a hinsíodh ariamh, faoi mar a chas an píolóta leis an phrionsa bheag. Fáthscéal dodhearmadta é do pháistí agus do dhaoine fásta, agus léaráidí daite ón údar é féin ann. Cuirfidh an scéal seo faoi gheasa sibh.Tá costas €12 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!